Seachain Tú Féin
Seachain tú féin
Nó titfidh tú.
Cuimhnigh anois
Nach moncaí thú.
Seachain tú féin.
Seachain, a stór.
Ní cheapaim go bhfuil tú
Aireach go leor.
Nó titfidh tú.
Cuimhnigh anois
Nach moncaí thú.
Seachain tú féin.
Seachain, a stór.
Ní cheapaim go bhfuil tú
Aireach go leor.
Oíche Shamhna
Oíche shamhna,
Féasta mór,
Bairín breac,
Úlla agus cnónna.
Cailleacha feasa,
Ar an saol.
Fanfaimid istigh ó bhaol.
Féasta mór,
Bairín breac,
Úlla agus cnónna.
Cailleacha feasa,
Ar an saol.
Fanfaimid istigh ó bhaol.
An Siopa
Téigh go dtí an siopa, a Pháid.
Ná bac le milseáin ná seacláid.
Ach ceannaigh siúcra, im, is tae.
Brostaigh ort, tá an dinnéar réidh.
Cheannaigh Páid na rudaí go léir.
‘s bhí sé ar ais in am dinnéir.
Bhí poll an-mhór i gcóta Pháid.
Is chaill sé an t-airgead ar an tsráid.
Ná bac le milseáin ná seacláid.
Ach ceannaigh siúcra, im, is tae.
Brostaigh ort, tá an dinnéar réidh.
Cheannaigh Páid na rudaí go léir.
‘s bhí sé ar ais in am dinnéir.
Bhí poll an-mhór i gcóta Pháid.
Is chaill sé an t-airgead ar an tsráid.
An Aimsir...
An Fómhar
Duilleoga (Leaves)
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ag damhsa ar an gcraobh.
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ag imeacht leis an ngaoth.
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ar thalamh ina luí.
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ag damhsa ar an gcraobh.
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ag imeacht leis an ngaoth.
Duilleoga deasa, deasa.
Duilleoga deasa, buí.
Duilleoga deasa, deasa.
Ar thalamh ina luí.